Gaeilge

Seachtain na Gaeilge 2025

Bhí coicís iontach againn i gCnoc an Éin ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge! I ngach rang, bhí cluichí Gaeilge ar siúl, cosúil le Bingó, Snap, Searáidí, Cearnóga Scéil, Caith agus Abair, agus Nathair agus Dréimire. D’eagraigh na múinteoirí sna hardranganna Tráth na gCeist do na daltaí freisin agus bhí sé deacair! Bhí comórtas seanfhocail ar siúl freisin, agus rinne daltaí ó rang a a haon go dtí rang a sé póstaeir iontacha le seanfhocal cosúil le ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ agus ‘Ní neart go cur le chéile’.

Comhghairdeas do na daltaí seo a leanas a bhuaigh an comórtas seanfhocail:

Kara Hogan agus Ellie Kerr, Rang a hAon

April Duggan, Rang a Dó

Michael Quinn, Caoimhe Ryan agus Megan Downes, Rang a Cúig

Ar an Déardaoin, 13ú Márta, bhí Lá Glas againn ar scoil. Chaith gach dalta éadaí glasa. Ar maidin, bhí céilí beag againn sa chlós agus bhí rang a sé ag damhsa. Mhúin said ‘an Dreoilín’ don scoil ar fad agus bhí an ceol go hiontach! Ar an iomlán bhí Seachtain na Gaeilge den scoth againn, lán le himeachtaí éagsúla!

Dia daoibh a chairde, beatha agus sláinte chugaibh uile!

Táimíd ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge i gCnoc an Éin, ón 3ú go dtí an 13ú Márta. Táimíd ag tnúth go mór le clár ama lán spéisiúil! Féach ar an gclár ama atá thíos luaite. Beidh spraoi agus craic againn i rith Seachtain na Gaeilge. 

Tá go leor imeachtaí le fáil ar líne freisin más maith libh:

Seachtain na Gaeilge Padlet:

Made with Padlet

Seachtain na Gaeilge & COGG Websites:

Baile

Baile

Realtóg 2022

Wednesday, April 6th was a great day for Knockanean! Realtóg was held out in the shed. By holding it outdoors it meant the whole school could be together to watch it. A lot of people participated and had a great time. Every class performed and all had great acts. There were a lot of different acts such as music, arts, singing and drama. After every act different teachers commented on the act and praised each act for their efforts. Everybody had a really good day

By Tiernan Garvey and Cathal Ryan