Lá Glas agus Seachtain na Gaeilge

Bhí coicís iontach againn i gCnoc an Éin ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge! I ngach rang, bhí cluichí Gaeilge ar siúl, cosúil le Bingó, Snap, Searáidí, Cearnóga Scéil, Caith agus Abair, agus Nathair agus Dréimire. D’eagraigh na múinteoirí sna hardranganna Tráth na gCeist do na daltaí freisin agus bhí sé deacair! Bhí comórtas seanfhocail ar siúl freisin, agus rinne daltaí ó rang a a haon go dtí rang a sé póstaeir iontacha le seanfhocal cosúil le ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ agus ‘Ní neart go cur le chéile’.

Comhghairdeas do na daltaí seo a leanas a bhuaigh an comórtas seanfhocail:

Kara Hogan agus Ellie Kerr, Rang a hAon

April Duggan, Rang a Dó

Michael Quinn, Caoimhe Ryan agus Megan Downes, Rang a Cúig

Ar an Déardaoin, 13ú Márta, bhí Lá Glas againn ar scoil. Chaith gach dalta éadaí glasa. Ar maidin, bhí céilí beag againn sa chlós agus bhí rang a sé ag damhsa. Mhúin said ‘an Dreoilín’ don scoil ar fad agus bhí an ceol go hiontach! Ar an iomlán bhí Seachtain na Gaeilge den scoth againn, lán le himeachtaí éagsúla!